Fiontar de chuid an Tionscnaimh Chumarsáide faoin Aontas Eorpach is ea Clár na Réalta Goirme, agus faigheann sé tacaíocht ó Oifig an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha; an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; an Roinn Oideachais agus Scileanna; Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn agus Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa in Éirinn. Is é Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn an comhlacht náisiúnta forfheidhmithe don Chlár.
Is é cuspóir Chlár na Réalta Goirme, atá anois ina deichiú bliain, tuiscint agus eolas níos fearr a chothú i measc daltaí bunscoile ar an difear a dhéanann an tAontas Eorpach dár saolta. Cuspóir eile den Chlár is ea é braistint a chur chun cinn i measc na ndaltaí gur baill sinn uile den Aontas Eorpach, ar shlí a sháraíonn ballaí na scoile agus a chuimsíonn an pobal ar fad. I gcaitheamh naoi mbliana an Chláir, ghlac os cionn 1,000 bunscoil ar fud na hÉireann páirt ann, agus bhí gach contae sa tír páirteach ann ó 2014 i leith.
Conas a bheith páirteach
Más spéis leat a bheith páirteach i gClár na Réalta Goirme, beidh ceithre chéim le comhlíonadh:
- Clárú
- Obair an Chláir le linn na scoilbhliana
- Tuarascáil Deiridh nó Tráth na gCeist ar líne
- Bronnadh Teastais Réalta Ghoirm agus Bratach na hEorpa
1. Ba chóir do scoileanna Foirm Chlárúcháin a líonadh isteach chun a bheith páirteach sa Chlár. Cuir ar ais chugainn é leis an bpost nó le ríomhphost roimh an 5 Deireadh Fómhair 2023 (tá teorann ar líon na spásanna atá againn do scoileanna ar an gClár – cláraigh nuair is féidir!).
Chlár na Réalta Goirme: Foirm chlárúcháin 2023-2024
2. Is éard atá i gceist le hobair an Chláir ná gach ceann de cheithre mhír an Chláir a chríochnú (míreanna sna réimsí stairiúla, tíreolaíochta, cultúrtha agus cruthaitheacha, agus institiúideacha) agus ócáid a eagrú chun Lá na hEorpa (9 Bealtaine) a chomóradh. Gheofar tuilleadh eolais ar a bhfuil i gceist le gach ceann de na míreanna sin anseo. Reachtálfaidh Clár na Réalta Goirme 4 Thráth na gCeist ar líne bunaithe ar an gceithre mhír den chlár, chun eolas na ndaltaí a scrúdú. Is leor páirt a ghlacadh sna himeachtaí seo chun an clár a chur i gcrích – tabharfar gach eolas do mhúinteoirí tar éis cláraithe.
3. Iarrtar ar scoileanna an Tuarascáil Deiridh a chur isteach roimh an 17 Bealtaine 2024. Is é an cuspóir atá leis an Tuarascáil Deiridh a chuireann scoileanna isteach a thaispeáint dúinne, i nGluaiseacht na hEorpa in Éirinn, conas ar chomhlíon gach scoil gach ceann de cheithre mhír an Chláir. Taispeánann sé dúinn an tslí a bhféadfaimis an Clár a fheabhsú bliain ar bhliain agus is mór againn do smaointe agus d’aiseolas a fháil.
4. Tar éis do na scoileanna an Tuarascáil Deiridh a chur isteach agus é a bheith glactha ag comhordaitheoir náisiúnta an Chláir, bronntar Teastas Gnóthachtála Clár na Réalta Goirme, sínithe ag an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, ar na scoileanna a n-éiríonn leo, mar aon le bratach Eorpach.
Cad atá i gceist sa chlár?
Ba mhaith linn go mbeadh an chruthaitheacht i gceartlár an Chláir agus go mbeadh an scoil iomlán páirteach ann, mar sin tugtar mórchuid deiseanna do na múinteoirí an clár a oiriúnú dá ranganna féin.
Is í an tsolúbthacht ceann de na príomhchúiseanna a n-éiríonn leis an gClár.
Déanfar obair an Chláir sna réimsí seo a leanas:
- An Réimse Stairiúil
- An Réimse Tíreolaíochta
- An Réimse Cultúrtha & Cruthaitheach
- An Réimse Institiúideach
- Lá na hEorpa
-
An Réimse Stairiúil
Riachtanas amháin den Chlár is ea go míneofaí bunú agus forbairt an Aontais Eorpaigh chun comhthéacs an Chláir a thabhairt do na daltaí. Chun go mbeidh an Clár agus an curaclam á múineadh i dteannta a chéile, seo roinnt smaointe don mhír seo:
- An Chéad Chogadh Domhanda
- An Dara Cogadh Domhanda – Anne Frank – An tUileloscadh
- An cúlra le bunú an Aontais Eorpaigh
- An tréimhse díreach tar éis an Chéad Chogadh Domhanda
Tá na smaointe seo oiriúnach do na hardranganna agus d’fhéadfaí, leis, féachaint ar shaothair litríochta ina ndírítear ar an tréimhse seo. Smaoineamh amháin is ea é go mbainfeadh múinteoirí (go háirithe múinteoirí ranganna 5 agus 6) úsáid as leabhair mar ‘The Diary of Anne Frank’ nó ‘The Boy in the Striped Pyjamas’ chun comhthéacs liteartha a thabhairt don tréimhse stairiúil seo, trína ndéanfaí an curaclam agus an Clár a chomhtháthú.
I gcás na ranganna óga, d’fhéadfadh na daltaí tír Eorpach amháin a roghnú agus tionscadal ranga iomlán a dhéanamh ar stair agus traidisiúin na tíre sin. Nó, d’fhéadfadh ranganna éagsúla daoine tábhachtacha ón stair a roghnú agus tionscadail a bhunú orthu, m.sh. Hans Christian Andersen (an Danmhairg), Ludwig van Beethoven (an Ghearmáin), Bram Stoker (Éire), Santa Claus (an Fhionlainn)…
B’fhearr i bhfad go n-úsáidfeadh na daltaí modhanna teicneolaíochta ar nós ríomhairí agus an idirlín chun taighde a dhéanamh agus an tionscadal a thiomsú agus a chur i láthair. Mar shampla, d’fhéadfaí cur i láthair gearr PowerPoint a dhéanamh nó scannán gearr a léiriú.
-
An Réimse Tíreolaíochta
Sa chuid seo, iarraimid ar na daltaí tionscadal gearr a dhéanamh ar thír amháin den Aontas. Seo samplaí de nithe a bhféadfaí cur síos a dhéanamh orthu sa tionscadal seo: bratach, príomhchathair, pobal nó teanga tíre, an rud is mó cáil faoi thír áirithe agus na difríochtaí agus na cosúlachtaí idir an tír sin agus Éirinn. Sa churaclam Tíreolaíochta scoile, moltar do mhúinteoirí tabhairt faoi staidéar ar Bhallstáit an Aontais ó rang a trí ar aghaidh. Is deis iontach é seo staidéar a dhéanamh ar ról na bparlaimintí náisiúnta i mBallstáit an Aontais. D’fhéadfadh múinteoirí atá páirteach sa Chlár dul i mbun pleanála le chéile chun na tíortha a ndéanfar staidéar orthu sa scoilbhliain sin a roghnú.
I gcás na ranganna óga, d’fhéadfaí ‘mionstaidéar’ a dhéanamh ar thíortha den Aontas a mbeadh ceangal éigin ag na daltaí leo nó arb as do dhaltaí áirithe sa rang. Nó d’fhéadfadh na daltaí óga buneolas tíreolaíochta a fhoghlaim faoi thíortha éagsúla Eorpacha, m.sh. príomhchathracha, daonra, aibhneacha, sléibhte, lochanna, séadchomharthaí cáiliúla agus bratacha.
Ar an dul céanna, sna ranganna ar fad, d’fhéadfaí cuireadh chun na scoile a thabhairt do thuismitheoirí ó thíortha eile den Aontas, agus lastall de, chun labhairt leis na daltaí faoin dtír i dtrácht agus chun rudaí éagsúla ón tír sin a thaispeáint, m.sh. stampaí, samplaí de bhianna náisiúnta, srl. Go deimhin, má tá daltaí ó thír Eorpach eile sa rang, d’fhéadfaí a dtír siúd a roghnú ionas gur féidir leo a dtaithí féin ar an tír sin a chomhroinnt. Tá sé seo déanta cheana féin ag mórchuid scoileanna i mblianta eile den Chlár agus bhraith siad gur éirigh go maith leis. Bíonn an scoil iomlán páirteach ann agus cothaíonn sé cruthaitheacht na ndaltaí mar aon le feasacht thraschultúrtha.
-
Cultúrtha & Cruthaitheach
Seans gurb é seo an eilimint a mbainfidh na daltaí agus na múinteoirí an sásamh is mó as. D’fhéadfadh ranganna ar gach leibhéal a bheith páirteach ann. Is féidir é a chomhtháthú leis an roinn ‘Ealaíon’ de churaclam na bunscoile ar shlite éagsúla.
Is anseo a d’fhéadfadh daltaí foghlaim faoi Eorpaigh mhóra le rá i réimsí éagsúla den saol: i gcúrsaí spóirt, faisin, ceoil, srl. Agus má tá áiseanna cócaireachta sa scoil, d’fhéadfaí roinnt ‘cócaráil Eorpach’ a dhéanamh leis na daltaí. Is féidir nathanna bunúsacha i dteangacha eile a mhúineadh do na páistí agus tá sé cruthaithe i ngach ceann de chúig bliana deiridh an Chláir go mbaineann na daltaí an-taitneamh as seo.
I mblianta eile, úsáideadh an modúl seo chun daltaí nach de bhunús na hÉireann iad a imeascadh sa Chlár trí iarraidh orthu dráma a dhéanamh faoina dtír dhúchais, iarraidh ar a dtuismitheoirí labhairt faoin dtír sin, nó fiú bianna nó sólaistí traidisiúnta a thabhairt isteach. Níl slí níos fearr le léargas a fháil ar thíortha Eorpacha eile.
Iarraimid ar na scoileanna an obair a dhéanann siad sa chlár seo a chur ar fáil don phobal i gcoitinne, trí thaispeántas a eagrú nó cuntas a scríobh sa nuachtán áitiúil. Seo slí amháin ar éirigh linn go dtí seo an scéal faoin gClár seo a scaipeadh i measc an phobail. D’fhéadfadh an scoil iomlán, na ranganna sóisearacha san áireamh, a bheith páirteach sa chuid seo den Chlár.
Cuirfear a chruthaithí a bhí na daltaí san áireamh agus an chuid seo den Chlár á measúnú. Molaimid go gcomhoibreodh ranganna le chéile chuige sin. Ba mhaith an rud é go bhfaigheadh na daltaí taithí ar a bheith ag obair i mbuíonta; an múinteoir a shocróidh cibé ar chóir na daltaí a roinnt ina bhfoirne nó a chur ag obair mar rang amháin.
-
An Réimse Institiúideach
Sa chuid seo, foghlaimeoidh na daltaí faoin tslí a n-oibríonn an tAontas Eorpach, an comhar atá ann idir institiúidí éagsúla agus an difear a dhéanann an tAontas dár saol. Moltar gníomhaíochtaí a dhéanamh sa chuid seo. Mar shampla, d’fhéadfadh daltaí tionscadal a dhéanamh ar lá i saol Fheisire i bParlaimint na hEorpa, foghlaim faoi róil agus freagrachtaí gach Coimisinéara, bréagsheisiún de Pharlaimint na hEorpa a eagrú nó bréagthoghchán nó bréagreifreann a rith.
Cuid de churaclam Tíreolaíochta Ranganna a Cúig agus a Sé is ea é foghlaim faoi institiúidí an Aontais, mar sin d’fhéadfaí an chuid seo a chomhtháthú le staidéar ar ról Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin orpaigh. Thabharfadh sé deis do na daltaí foghlaim faoi ról na bparlaimintí náisiúnta, leis.
B’fhiú sa chuid seo iarraidh ar d’Fheisire Pharlaimint na hEorpa nó do Theachta Dála áitiúil cuairt a thabhairt ar an scoil. Iarrtar ar scoileanna scríobh chuig a n-ionadaithe áitiúla ag iarraidh orthu ceistneoir faoin gcuid oibre a líonadh isteach agus teacht ar cuairt chun na scoile. Mura féidir an chuairt sin a dhéanamh, molaimid teagmháil a dhéanamh le hionadaithe poiblí eile nó le hambasadóirí ó thíortha Eorpacha a d’fhéadfadh cuairt a thabhairt ar an scoil chun gnóthaí Eorpacha a phlé. D’fhéadfaí an t-agallamh a dhéanamh ar Skype nó le ríomhphost agus is slí iontach í chun rud beo a dhéanamh d’institiúid!
I gcás na ranganna óga, d’fhéadfadh na daltaí ansin bratach na hEorpa a phéinteáil agus foghlaim faoin tslí ar bunaíodh an tAontas, an fáth a ndeachaigh Éire isteach ann agus líon na mBallstát faoi láthair. Mhúin scoileanna áirithe airgeadraí agus aintiún an Aontais do na daltaí is óige.
Is féidir an chuid seo den chlár a nascadh go héasca leis an gclár oideachais shóisialta phearsanta agus sláinte agus tú ag féachaint ar dhaonlathas rannpháirteach, an tsaoránacht agus an domhan mór.
-
Lá na hEorpa
Ba chóir go dtabharfaí imeachtaí an Chláir chun deiridh le hócáid ar nó gar do Lá na hEorpa (9 Bealtaine). Is minic é seo ina bhuaicphointe den Chlár nuair a bhíonn deis ag an scoil an méid atá bainte amach agus foghlamtha i gcaitheamh na scoilbhliana a thaispeáint.
Focal Scoir
Más spéis leat tuilleadh eolais a fháil ar na ábhair thuas nó ar ghné ar bith eile de Chlár na Réalta Goirme, seol ríomhphost chugainn ag bluestar@europeanmovement.ie . Fáilteofar roimh chomhfhreagras i nGaeilge i gcónaí. Ba bhreá linn tú a bheith páirteach i gclár 2021-2022!