Nuachtlitir na Múinteoirí

Múinteoirí bunscoile! Fáilte ar ais go dtí an nuachtlitir do mhí Bealtaine.

Seachtain na hEorpa faoi shonas!

Tá an eagrán seo lán le nuacht spreagúil, lena n-áirítear:

  • Eolas faoi eisiúint an Tráth na gCeist Deiridh Eilimint
  • Fógra faoi Mhúinteoir Réalta na Míosa
  • Nuacht faoi Seachtain na hEorpa

Bainaigí sult as an léitheoireacht!

Mar is gnáth, táimid i gcónaí ar fáil trí ríomhphost chun do chuid ceisteanna a fhreagairt, ná bíodh moill oraibh teagmháil a dhéanamh linn ag bluestar@europeanmovement.ie agus tá gach eolas faoin gClár le fáil as Gaeilge ag Clár na Réalta Goirme!

Tá na 4 Thráth na gCeist ar na Réimsí beo anois!

Féach orthu anseo: Tráth na gCeist Eilimintí

Faoi na Tráth na gCeist, gheobhaidh tú foirm ghearr a chaithfear a líonadh isteach chun a chur in iúl dúinn go bhfuil do rang tar éis páirt a ghlacadh.

✅ Chun an Clár a chomhlánú, caithfear na ceithre thráth na gceist a bheith críochnaithe agus na ceithre fhoirm a bheith líonta isteach roimh 5 i.n. Dé hAoine, an 16 Bealtaine 2025.

Tá dhá leagan de thráth na gceist ar fáil, bunaithe ar cheann de na 4 mhír: Stair, Tíreolaíocht, Cultúr agus Cruthaitheacht, agus Institiúidí.

Tá leagan Sóisearach (Naíonáin Shóisearacha – Rang 2) agus leagan Sinsearach (Rang 3 – Rang 6) ar fáil.

Tá sé faoin múinteoir cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr le na tráth na gceisteanna a chur i láthair. Beidh siad ar fáil ar líne le himirt ar Kahoot agus beidh siad ar fáil le híoslódáil agus le priontáil freisin mar bhileog oibre.

Féadfaidh sibh an tráth na gceist a dhéanamh mar rang iomlán, nó cóip a thabhairt do gach dalta le líonadh ina aonar.

Níl na tráth na gceisteanna le grádú – is faoi rannpháirtíocht, foghlaim agus spraoi atá sé!  

Beidh gach ceist ilroghnach, ionas go mbeidh deis ag na daltaí na freagraí a oibriú amach de réir mar a théann siad ar aghaidh. 

Má tá aon cheist eile agaibh faoi na Tráth na gCeisteanna Eilimintí, is féidir teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann ag bluestar@europeanmovement.ie.

📝 Cuimhneachán go bhfuil sé indéanta an Clár a chomhlánú freisin trí chomhlánú an Tuarascála Deiridh. 

Is féidir leat an doiciméad seo a sheoladh ar ais chugainn trí r-phost nó trí WeTransfer, chuig an seoladh bluestar@europeanmovement.ie roimh 5 i.n. Dé hAoine, an 16 Bealtaine 2025.

An Múinteoir Réalta na Mí Bealtaine

📢 Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil Alanna Mc Hugh mar Múinteoir Réalta na Mí Bealtaine ó Scoil Náisiúnta Dhroma Ghoill, Co. Dhún na nGall.

Rinne Alanna jab iontach ag spreagadh a daltaí chun páirt a ghlacadh agus chun bealaí nua agus greannmhara a úsáid chun foghlaim faoi na hEorpa sa seomra ranga.

Is féidir leat léamh faoin taithí atá ag Alanna leis an gClár ar ár suíomh gréasáin anseo.

Cuairteoirí mór le rá

Creidimid gur deis iontach iad cuairteanna thábhactacha obair agus eolas na ndaltaí a thaispeáint mar chuid de Chlár na Réalta Goirme, agus do dhaltaí foghlaim faoin AE i mbealach praiticiúil agus pearsanta.

Is féidir le múnteoirí teagmháil a dhéanamh le d’FPE áitiúil nó chuig duine d’Ambasadóirí an AE. Is breá le Feisirí Eorpacha agus Ambasadóirí a bheith páirteach sa Chlár agus obair na ndaltaí a fheiceáil, mar sin ná bíodh moill ort teagmháil a dhéanamh leo!

Tá foirm ar fáil ar an laethanach ‘foirm agus tuairisc’ inar féidir le daltaí é a úsáid mar theampléid! Déan fiosrúcháin ar an saghas lá ina mbíonn ag FPE nóa, nó cuir ceist ar Ambasadóir cad é an rud is fearr leo faoi Éirinn – fágfaimid na ceisteanna suas daoibh féin!

Seachtain na hEorpa

Seachtain na hEorpa faoi shonas!

🤝 Tugaimid cuireadh do gach scoil páirt a ghlacadh sa ‘Lámhchroitheadh don Eoraip’ ag 12 i.n. an 9ú Bealtaine.

Cuireann daltaí agus múinteoirí lámh le chéile mar chomhartha dlúthpháirtíochta idir shaoránaigh na hEorpa agus mar cheiliúradh ar an éagsúlacht laistigh den Aontas.

Is deis iontach é Lá na hEorpa do dhaltaí agus do mhúinteoirí an obair iontach an chláir a chur ar taispeáint agus chun an scoil a spreagadh cultúr agus éagsúlacht na hEorpa a cheiliúradh. Is minic gur iad na smaointe is simplí is éifeachtaí don lá!

San am atá thart, d’eagraigh scoileanna: aontaí bia Eorpacha, paráidí pobail nó taispeántais grianghrafadóireachta nó ealaíne mar shampaí. 

 Is deis iontach eile í cuireadh a thabhairt do d’ionadaí áitiúil teacht le haghaidh cuairt!

Táimid ag tnúth go mór le gach ceann de na ceiliúrtha éagsúla a fheiceáil!

 

Déan teagmháil linn

Má tá aon cheist agat faoin gClár, ná bíodh moill oraibh teaghmáil a dhéanamh linn bluestar@europeanmovement.ie!.